Saoránacht an AE
Conas is féidir liom saoránacht an AE a ghnóthú?
Is saoránach de chuid an Aontais é gach duine a bhfuil náisiúntacht de chuid Ballstáit aige. Is sa bhreis ar shaoránacht náisiúnta na mBallstát atá saoránacht an AE agus ní chuirtear in áit na saoránachta sin í.
Leagann gach Ballstát síos na coinníollacha maidir le saoránacht a ghnóthú agus a chailliúint, ag féachaint go cuí do dhlí an Aontais. Níl dlínse ar bith ag an Aontas Eorpach ina leith sin.