Cuairt ar Ardrúnaíocht na Comhairle
An féidir cuairt a thabhairt ar Ardrúnaíocht na Comhairle?
I gcás grúpaí de 15 duine nó breis agus é sin, féadfaimid cuairt faisnéise ar Ardrúnaíocht na Comhairle a eagrú i gceann ar bith de theangacha oifigiúla an AE. Agus tú ar cuairt againn, inseoidh oifigeach duit faoi fheidhmeanna na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an AE agus faoin obair a bhíonn ar bun acu. Tá tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála le fáil ar Cuairteanna Faisnéise.