Deiseanna gairme

Conas is féidir liom post/taithí oibre a fháil in Ardrúnaíocht na Comhairle?

  • Glacann Ardrúnaíocht na Comhairle le tuairim is 120 duine faoi oiliúint gach bliain. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi thréimhsí oiliúna íoctha agus neamhíoctha, féach le do thoil leathanaigh gréasáin Oifig na dTréimhsí Oiliúna.
     
  • Earcaíonn an Ardrúnaíocht oifigigh ar bhonn liostaí d'iarrthóirí oiriúnacha a chuirtear i dtoll a chéile mar thoradh ar chomórtais oscailte. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin earcaíocht, féach, le do thoil, na Folúntais.
     
  • Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a eagraíonn na comórtais agus a dhéanann iad a bhainistiú. Tá bunachar sonraí freisin ag EPSO maidir le gníomhairí ar Conradh agus féadfaidh an Ardrúnaíocht gníomhairí ar Conradh a earcú chun ionadaíocht a dhéanamh ar oifigigh atá ar saoire.
     
  • Má tá ceist agat i dtaobh clár, scoláireachtaí, deontas, etc., is féidir dul i dteagmháil leis an EORAIP GO DÍREACH, seirbhís faisnéise do shaoránaigh; trí shaorghlao 00800 6789 10 11 i ngach ceann de 23 theanga an AE.