Conas an Clár a Chuardach

1. Critéir do chuardaigh a shonrú - Prionsabail ghinearálta

Féadfaidh tú critéir do chuardaigh a chur isteach i réimse amháin nó níos mó nó féadfaidh tú na réimsí ar fad a fhágáil folamh. Má fhágann tú folamh iad, ní chuirfear aon teorainn i bhfeidhm, seachas na teorainneacha a bheidh sainithe le roghanna an chuardaigh ar an leathanach Cuardaigh Shimplí agus ar an leathanach Cuardaigh Chasta. Oibreoidh "AGUS" loighiciúil i gcónaí idir chritéir do chuardaigh sna réimsí éagsúla.

Mar shampla: má shonraíonn tú 10/1/99 mar dháta don doiciméad agus AGRI mar ábhar, gheobhaidh tú na doiciméid uile dar dáta an 10 Eanáir 1999 agus a bhfuil AGRI (= Talmhaíocht) mar ábhar acu.

An cuardach a dhéantar ar théacs, ní bhíonn sé cásíogair ná aiceanníogair. Fágann sé seo gurb é an rud a gheobhaidh tú má dhéanann tú cuardach atá bunaithe ar an bhfocal Fraincise eleve nó ELEVE na doiciméid ar fad a bhfuil na focail Elève, élevé, élève, etc. iontu.
Tá cnaipe cabhrach in aice le gach réimse inchuardaithe, trínar féidir bosca a oscailt ina bhfuil míniú gearr.

2. Foirmeacha cuardaigh (cuardach simplí, cuardach casta)
Réimsí téacs (Uimhir, Teideal, Téacs agus Ábhar an Doiciméid)

■ Formáid  

Féadfaidh tú na téarmaí don chuardach a chur isteach sna réimsí cuardaigh. Mura sonróidh tú aon oibreoir sa réimse, glacfar leis go bhfuil "AGUS" loighiciúil ag teastáil.

Mar shampla, má chuireann tú isteach:
(Sna samplaí ar fad ina dhiaidh seo, glactar leis gur shonraigh an t-úsáideoir critéir roghnúcháin i réimse an teidil.) 

  • An Chomhairle gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" ina dteideal.
  • An Chomhairle Eorpach gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" AGUS "Eorpach" ina dteideal. Ní gá go mbeadh na focail seo buailte ar a chéile.
Oibreoirí  

Féadfaidh tú na hoibreoirí seo a leanas a úsáid:

■ Oibreoirí Boole

& "AGUS" loighciúil
| "NÓ" loighciúil
^ "GAN" loighciúil

Mar shampla, má chuireann tú isteach: :

  • An Chomhairle & Eorpach, gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" AGUS "Eorpach" ina dteideal. Ní gá go mbeadh na focail seo buailte ar a chéile.
  • An Chomhairle | Eorpach, gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" NÓ an focal "Eorpach" NÓ an dá cheann acu ina dteideal.
  • An Chomhairle ^ Eorpach gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" GAN an focal "Eorpach" ina dteideal.

 

■ Oibreoirí neasachta

" " Nath (ina iomláine) a chuardach
{ } Neasacht maidir le hord na dtéarmaí cuardaigh
[ ] Neasacht in aon ord ar bith
#n Sonraítear achar na neasachta i gcarachtair

Mar shampla, má chuireann tú isteach: :

  • "An Chomhairle Eorpach", gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" AGUS "Eorpach" buailte ar a chéile iontu.
  • {An Chomhairle Eorpach},gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" AGUS an focal "Eorpach" iontu san ord sin agus nach mó ná 50 líon (réamhshocraithe) na gcarachtar atá eatarthu.
  • [An Chomhairle Eorpach], gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" AGUS an focal "Eorpach" iontu in aon ord ar bith agus nach mó ná 50 líon (réamhshocraithe) na gcarachtar atá eatarthu.
  • #10{An Chomhairle Eorpach},gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail "An Chomhairle" AGUS an focal "Eorpach" iontu san ord sin agus nach mó ná 10 líon na gcarachtar atá eatarthu.

 

■ Oibreoir ualaitheach

@n Ualú an téarma

Mar shampla, má chuireann tú isteach: :

  • @1 beoir @10fíon, tugann sé seo ualú de 1 don téarma "beoir" agus ualú de 10 don téarma "fíon". Nuair a roghnaíonn tú "Cuir in Ord Ábharthachta" sna roghanna, sórtálfar na torthaí de réir ábharthacht an doiciméid. Ríomhtar an ábharthacht mar seo a leanas: Líon na n-uaireanta a fhaightear an téarma "beoir" i dteideal an doiciméid móide líon na n-uaireanta a fhaightear an téarma "fíon" ann méadaithe faoi 10, i.e. meastar go bhfuil an focal "fíon" deich n-uaire níos tábhachtaí ná an focal "beoir".

 

■ Cártaí fiáine

? 1 charachtar amháin
*gan carachtar ar bith, 1 charachtar amháin nó níos mó.

Mar shampla, má chuireann tú isteach: :

  • Ríomh* gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail seo a leanas ina dteideal: "Ríomh", "Ríomhaire", "Ríomhaireacht", etc.
  • Sol?ite gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail seo a leanas ina dteideal: "Soloite" nó "Soléite".
  • *eadh gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail seo a leanas ina dteideal: "Cinneadh", "gCinneadh", etc.
  • *ol?a* gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil na focail seo a leanas ina dteideal: "moltaí", "mholtach", "mholamar" etc.

 

■ Teaglaim oibreoirí

Féadfaidh tú oibreoirí a chomhcheangal ach iad a chur idir lúibíní

Mar shampla, má chuireann tú isteach: :

  • ((fíon|beoir) & póit*) gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil an focal "fíon" NÓ an focal "beoir" AGUS an focal "póite", "póiteach", "póitiúil", etc. ina dteideal.
  • (*íon | (beoir & póit)) gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil an focal "fíon" (mar shampla) NÓ an focal "beoir" AGUS an focal "póit" ina dteideal.
Comhad idirinstitiúideach

Tugann an Coimisiún códuimhir idirinstitiúideach do gach togra dá chuid do reachtaíocht an AE. Tá trí ghné sa chód sin: bliain/sraithuimhir agus giorrúchán (idir lúibíní) lena léirítear an nós imeachta reachtach is infheidhme (e.g. COD: comhchinneadh (2010/0303 (COD)); CNS: nós imeachta comhairliúcháin (2010/0387 (CNS)).

Leis an gcóduimhir idirinstitiúideach, féadfar sainchomhaid iomlána a thiomsú ar dhul chun cinn gach nós imeachta, tráth tionscanta an nós imeachta go dtí go nglacfaidh an Chomhairle é nó go dtí go nglacfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle é agus iad ag gníomhú go comhpháirteach, de réir mar a bheidh. Féadfar ar an gcaoi sin cuardach doiciméad a eisítear faoi chuimsiú an phlé a dhéanfaidh an Chomhairle maidir le dréachtchomhaid reachtacha a éascú tríd an gcóduimhir idirinstitiúideach a úsáid mar chritéar cuardaigh.

Ábhair

Féadfaidh tú ábhar amháin nó roinnt ábhar a chur isteach go díreach nó féadfaidh tú breathnú ar an liosta ina bhfuil gach ábhar atá ar fáil, trí chliceáil ar an gcnaipe atá in aice leis an réimse Ábhar ("Liosta" an lipéad atá air). Tabhair ar aird go bhféadfadh sé nach mbeidh doiciméid ann do gach ábhar faoi leith.

Réimse sonraí (Dáta an Doiciméid agus Dáta an Chruinnithe)

Roghnaítear an dáta agus úsáid á baint as an roghnóir dáta. Féadfaidh tú an dáta beacht a roghnú nó féadfaidh tú cliceáil ar "+" chun réimse dátaí a roghnú. Féadfaidh tú oibreoir a roghnú freisin (féach "Oibreoirí") chun do rogha maidir le dáta a theorannú tuilleadh.

■ Oibreoirí  

Tá na hoibreoirí seo a leanas ar fáil:
<gan dáta> Réamhshocraithe le "Cothrom le"
= Cothrom le
<> Nach bhfuil cothrom le
> Ón dáta atá sainithe
>= An dáta atá sainithe nó ón dáta atá sainithe
< Roimh an dáta atá sainithe
<= An dáta atá sainithe nó roimh an dáta atá sainithe
: Idir dhá dháta

Mar shampla, má chuireann tú isteach: :

  • 01/07/1999 gheobhaidh tú na doiciméid uile dar dáta an 1 Iúil 1999
  • =05/07/1999 gheobhaidh tú na doiciméid uile dar dáta an 5 Iúil 1999
  • 07/02/1999 gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil dáta ar bith eile orthu seachas an 7 Feabhra 1999
  • >03/06/1999 gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil dáta is déanaí ná an 3 Meitheamh 1999 orthu
  • >=20/05/2000 gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil dáta is déanaí ná an 19 Bealtaine 2000 orthu
  • <03/08/2000 gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil dáta roimh an 3 Lúnasa 2000 orthu
  • <=05/03/2000 gheobhaidh tú na doiciméid uile dar dáta an 5 Márta 2000 nó dáta roimhe sin
  • 01/10/1999:30/11/1999 gheobhaidh tú na doiciméid uile a bhfuil dáta idir an 1 Deireadh Fómhair 1999 agus an 30 Samhain 1999 orthu
Teanga an Doiciméid

Tá sé réamhshocraithe gurb ionann do sprioctheanga agus teanga do chomhéadain. Féadfaidh tú rogha a dhéanamh doiciméid a eisítear i dteanga oifigiúil eile de chuid an AE a chuardach seachas doiciméid a eisítear i dteanga do chomhéadáin. Tabhair do d'aire, áfach, nach bhfuil liostaithe ar an leathanach torthaí ach na doiciméid atá ar marthain i dteanga do chuardaigh. D'fhéadfadh cuardach sna teangacha uile torthaí breise a sholáthar ó am go ham.

Déanann an rogha "ilteangach" tagairt do dhoiciméid a dréachtaíodh in dhá theanga oifigiúla de chuid an AE nó níos mó ná sin.

3. An leathanach torthaí

Tá 3 cholún ar an leathanach torthaí: Faisnéis faoi Dhoiciméad, Teideal agus Inneachar.

■ Sa cholún "Faisnéis faoi Dhoiciméad" má chliceáiltear ar uimhir an doiciméid a bhfuil líne faoi, osclófar leathanach tagartha an doiciméid ina bhfaighidh tú faisnéis faoin doiciméad áirithe sin.

D'fhéadfadh sé go mbeadh iarmhír amháin nó níos mó ná sin i ndiaidh na huimhreach doiciméid a ghabhann le doiciméad sonrach lena n-idirdhealófaí leaganacha difriúla den doiciméad sin. Seo a leanas na hiarmhíreanna a úsáidtear:

Iarmhír  

Brí  

ADD

Aguisín

COR

Ceartúchán

REV

Athbhreithniú

EXT

Sliocht

AMD

Leasú

 

Leanann uimhir sheicheamhach gach iarmhír. D'fhéadfadh níos mó ná iarmhír amháin a bheith ann, lena n-idirdhealófaí na leaganacha difriúla i ndoiciméad faoi leith.

Mar shampla: REV 1 (an chéad athbhreithniú), REV 2 COR 1 (an chéad cheartúchán ar an dara hathbhreithniú), COR 1 REV 2 (an dara hathbhreithniú ar an gcéad cheartúchán). Más rud é go bhfuil leaganacha difriúla de dhoiciméad faoi leith ann, feicfidh tú íocón le "+" faoi uimhir an doiciméid. Osclófar fuinneog nua má chliceáiltear ar an íocón sin ina liostófar gach leagan atá ann den doiciméad in ord croineolaíoch de réir dháta an doiciméid.

■ Tá íocón a chomhfhreagaíonn don bhfáil atá ag an bpobal ar an doiciméad sa cholún "Inneachar". Tá sé cinn d'íocóin a d'fhéadfadh a bheith ann:

Íocón

Brí

icon-register-html

Eisíodh inneachar an doiciméid chuig an bpobal agus tá sé ar fáil i bhformáid HTML.

icon-register-pdf

Eisíodh inneachar an doiciméid chuig an bpobal agus tá sé ar fáil i bhformáid PDF.

icon-register-pub

Eisíodh inneachar an doiciméid chuig an bpobal ach níl teacht air sa Chlár.
Téigh i dteagmháil le do thoil le seirbhís Faisnéise Poiblí na Comhairle chun cóip a fháil.

icon-register-pdfna

Níl rochtain ar inneachar an doiciméid seo.
Mar sin féin, féadfar iarratas le haghaidh rochtana a chur chuig an tseirbhís Rochtain ar Dhoiciméid trí úsáid a bhaint as an bhfoirm leictreonach.

icon-register-docpa

Eisíodh cuid d'inneachar an doiciméid chuig an bpobal.
Chun cóip a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil leis an tseirbhís Rochtain ar Dhoiciméid trí úsáid a bhaint as an bhfoirm leictreonach.

icon-register-pdfpa

Eisíodh cuid d'inneachar an doiciméid chuig an bpobal agus tá sé ar fáil i bhformáid PDF.