Cláir ama agus cláir oibre

Ar na leathanaigh seo gheobhaidh tú:

  • cláir oibre don Phreas;
  • clár ama na gcruinnithe atá le reáchtáil i gceanncheathrú Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Áras Justus Lipsius, rue de la Loi 175, 1048 An Bhruiséil, An Bheilg). Déantar an fhaisnéis a nuashonrú go laethúil. Is féidir breathnú ar chlár na gcruinnithe atá sceidealaithe don tseachtain dár gcionn, chomh maith le liosta de na cruinnithe a reáchtáladh ón 1 Eanáir 1999 nó atá ar siúl faoi láthair.
  • cláir oibre chruinnithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Coreper Cuid 1 agus Cuid 2, an Choiste Speisialta Talmhaíochta, an Choiste Chomhordúcháin i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnais in ábhair choiriúla (CATS) agus comhlachtaí eile ullmhúcháin. Is iondúil go mbíonn an clár oibre ar fáil cúpla lá roimh an gcruinniú.

 

Ní bhíonn rochtain ar chruinniú de chuid na Comhairle ach ag toscaireachtaí agus ag oifigigh údaraithe. Bíonn seisiúin oscailte ann go rialta, áfach (seisiúin a chraoltar trí mheáin chlosamhairc).

Faisnéis neamhoifigiúil atá sna bunachair shonraí sin. Ní féidir an Chomhairle ná na Ballstáit a chur faoi dhliteanas maidir lena bhfuil iontu.