Téigh chuig clár na n-ábhar
Síntiús ríomhphoist

Baintear leas as comhaontuithe idirnáisiúnta chun cabhrú leis an Aontas a chuspóirí beartais a bhaint amach. Cumhdaítear leo réimsí leathana, amhail trádáil, comhar agus forbairt, nó féadfaidh baint a bheith acu le réimsí sonracha beartais amhail teicstílí, iascaigh, custaim, iompar, eolaíocht agus teicneolaíocht.

Déanann an tAontas idirbheartaíocht faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus na Náisiúin Aontaithe agus tugann sé na comhaontuithe sin chun críche.

Inniúlacht eisiach nó inniúlacht roinnte?

inniúlacht eisiach ag AE le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt chun críche i réimsí áirithe, mar shampla, i gcás ina ndéanfaí difear leis an gcomhaontú do rialacha coitianta AE, nó i gcás inár gá chun cabhrú le AE a inniúlachtaí inmheánacha a fheidhmiú. I réimsí inar ghlac AE rialacha sonracha coiteanna, mar shampla, custaim, ní bheidh Ballstáit in ann comhaontuithe le tíortha neamh-AE a dhéanann difear do na rialacha sin a shíniú níos mó.  Tá inniúlacht eisiach ag AE sna cásanna sin freisin agus gníomhaíonn sé thar ceann na mBallstát uile.

Féadfaidh AE comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú i réimsí ina roinntear inniúlachtaí le Ballstáit freisin, mar shampla, gnóthaí eachtracha.

Cad a dhéanann an Chomhairle?

ról tábhachtach ag Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt chun críche idir tíortha an Aontais agus tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bíonn sí rannpháirteach ag gach céim den nós imeachta; ó shainordú don idirbheartaíocht a thabhairt don Choimisiún, go dtí an comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais agus an cinneadh deiridh a ghlacadh lena gcuirtear chun feidhme sa dlí Eorpach é.

I gcás na gcomhaontuithe sin a bhaineann le réimsí ina roinntear na hinniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, caithfidh ionadaithe ó rialtais na mBallstát a sainordú don idirbheartaíocht a thabhairt freisin. Áirítear air sin an chuid is mó de na comhaontuithe a bhaineann le beartas eachtrach agus comhaontuithe leathana trádála.

Féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh freisin feidhmiú comhaontaithe idirnáisiúnta a chur ar fionraí nó deireadh a chur le comhaontú. Mar shampla, in 2010 chuir an Chomhairle Airteagal 96 de Chomhaontú Cotonou leis an tSiombáib ar fionraí, agus cuireadh stad leis an gcúnamh forbartha a bhí á thabhairt don tír leis sin. Déanann an Chomhairle cinneadh ar bhonn togra ón gCoimisiún nó ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Leagtar amach an nós imeachta maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú agus a ghlacadh in Airteagal 207 agus in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Le linn an nós imeachta, déanann an Chomhairle an chuid is mó dá cinntí agus leas á baint as vótáil trí thromlach cáilithe. Mar sin féin, baineann sí úsáid as vótáil aontoilíochta i réimsí ina mbeadh gá le haontoilíocht de ghnáth, amhail cánachas. I gcás comhaontuithe lena gcumhdaítear réimsí inniúlachta roinnte déantar cinntí i gcomhar leis an gComhairle de thoil a chéile (comhaontú na mBallstát uile).

An nós imeachta idirbheartaíochta:

  1. Cuireann an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir le gach comhaontú sonrach. Má bhaineann an comhaontú leis an mbeartas eachtrach agus slándála den chuid is mó, tíolacfaidh an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála na moltaí.
  2. Glacann an Chomhairle cinneadh ansin lena údaraítear tús a chur leis an idirbheartaíocht. De ghnáth glacann sí treoracha idirbheartaíochta lena leagtar amach na cuspóirí ginearálta atá le baint amach le linn na hidirbheartaíochta.
  3. Déanann an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas le linn na hidirbheartaíochta, seachas i gcás ina mbaineann an comhaontú leis an mbeartas eachtrach agus slándála, cás inarb é an tArdionadaí ionadaí an Aontais. Déantar an idirbheartaíocht idir páirtithe an Aontais agus na páirtithe eile nó an eagraíocht idirnáisiúnta i 'mbabhtaí' éagsúla.
  4. Ceapann an Chomhairle coiste speisialta do chineálacha áirithe comhaontuithe, a théann i gcomhairle leis an gCoimisiún le linn na hidirbheartaíochta. Tuairiscíonn an Coimisiún ar ais chuig an gcoiste sin agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh na hidirbheartaíochta.
  5. Féadfaidh an Chomhairle treoracha athbhreithnithe nó treoracha nua idirbheartaíochta a ghlacadh tráth ar bith le linn na hidirbheartaíochta. Dhéanfaí sin leis an seasamh idirbheartaíochta a athrú nó tráth a mbeadh an t-idirbheartaí (an Coimisiún) ag iarraidh imeacht ón seasamh a comhaontaíodh roimhe sin.
  6. Tá an Chomhairle agus an Coimisiún araon freagrach as a chinntiú go mbeidh na comhaontuithe a idirbheartaítear comhoiriúnach le beartais inmheánacha agus le rialacha an Aontais.
  7. Ag deireadh na hidirbheartaíochta, glacann an Chomhairle cinneadh maidir le síniú an chomhaontaithe. I gcásanna áirithe, déanann an Chomhairle cinneadh faoi fheidhmiú sealadach comhaontaithe freisin. Déantar na cinntí sin ar bhonn togra ón gCoimisiún.
  8. Glacann an Chomhairle an cinneadh deiridh chun an comhaontú a thabhairt chun críche. Ní fhéadfar sin a dhéanamh go dtí go mbeidh a toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa (i ndáil le comhaontuithe comhlachais agus le réimsí atá faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh nó an nós imeachta maidir le toiliú) agus go mbeidh sé daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais. Caithfear dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa sna réimsí eile, seachas i gcás comhaontuithe a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.