Bronnadh Duais Síochána Nobel 2012 orainn go léir: bígí linn agus sinn ag glacadh leis an ngradam seo!
A Eorpaigh óga uilig
Go raibh maith agaibh go léir! Chuaigh beagnach 5 400 duine san iomaíocht sa chomórtas "An tSíocháin, An Eoraip, An Todhchaí! Táimid fíorbhródúil asaibh!
Ba dhúshlán mór do na moltóirí é na buaiteoirí, atá le dul go dtí Osló chun an Duais Nobel a ghlacadh mar chuid de thoscaireacht oifigiúil an AE, a roghnú.Bhí an bua tuillte agaibh go léir: bhí áilleacht agus fiúntas sna tarraingeoireactaí agus sna téacsanna a rinne sibh. Agus ciallaíonn sé sin go raibh d'inspioráid agaibh, agus sibhse todhchaí na hEorpa, chun taispeáint dúinn céard í an tsíocháin san Eoraip dar libhse!
- Comórtas an AE: "An tSíocháin, An Eoraip, An Todhchaí" - ceathrar ógánach ón Aontas ag freastal ar Shearmanas Bronnta Dhuais Síochána Nobel (preaseisiúint)
Roghnaigh na moltóirí, a raibh Jean Van Hamme, údar cáiliúil na ngreannán, ina chathaoirleach orthu, an triúr bhuaiteoir (duine amháin ó gach aoisghrúpa):
An tarraingeoireacht:
- Ana FANLO VICENTE, 12 ón Spáinn (grúpa 1)
Féach ar an tarraingeoireacht
An gearrthéacs i gcatagóir 2
- Elena Nicoletta GARBUJO, 16, ón Iodáil (grúpa 2)
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán
Agus, an ceann deiridh, an gearrthéacs i gcatagóir 3
- Ilona ZIELKOWSKA, 21, ón bPolainn (grúpa 3)
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán
Mar thoradh ar vótáil phoiblí ar Facebook, roghnaíodh an ceathrú buaiteoir ó 16 iontráil a réamhroghnaíodh chuige sin:Ba é an t‑iarrthóir leis an méid ba mhó vótaí:
- Larkin ZAHRA , 23, ó Mhálta.
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán
Tugann Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa cuireadh don cheathrar buaiteoir bheith mar chuid de thoscaireacht oifigiúil an Aontais Eorpaigh a rachaidh go dtí Osló chun Duais Síochána na bliana seo a ghlacadh. Beidh siad i láthair ag an searmanas oifigiúil an 10 Nollaig agus ag ceolchoirm Dhuais Síochána Nobel an 11 Nollaig chomh maith.
Ós rud é go ndeachaigh bhur dtarraingeoireactaí agus bhur ngearrthéacsanna go mór i bhfeidhm orainn, rinneadh cinneadh dhá iontráil sa bhreis i ngach catagóir a roghnú, le "bonn airgid" agus "bonn cré-umha" ag dul dóibh.
I gcatagóir 1
- Bronnadh an bonn airgid ar Ada Maria Ciontu, 8, ón Rómáin
Féach ar an tarraingeoireacht - Bronnadh an bonn cré-umha ar Maria Dzhumaliski, 12, ón mBulgáir
Féach ar an tarraingeoireacht
I gcatagóir 2:
- Bronnadh an bonn airgid ar Ilia Karyda, 15 ón nGréig
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán - Bronnadh an bonn cré-umha ar Barbora Kořánová, 17, ó Phoblacht na Seice
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán
I gcatagóir 3:
- Bronnadh an bonn airgid ar Ana Rita Mendes, 21, ón bPortaingéil
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán - Bronnadh an bonn cré-umha ar Lili Fabacsovics, 20, ón Ungáir
Féach ar an ngearrthéacs agus ar an míniúchán
Gheobhaidh na daoine óga ar bronnadh na boinn airgid agus chré-umha orthu leabhair faoin Aontas Eorpach.
Tabharfar cuireadh freisin do bhuaiteoir na vótála ar Facebook, agus don 9 eile is fearr ón gcomórtas sin chun dul go Strasbourg le freastal ar ócáid speisialta a bhaineann leis an duais Nobel an 12 Nollaig i bParlaimint na hEorpa.
Mar sin...comhghairdeas libh go léir




