An tslándáil
An Eoraip ina dtugtar cosaint

Ceannceathrú Europol san Ísiltír
Céim thábhachtach sa chomhar póilíneachta Eorpach ab é bunú Europol in 1995. Cuireadh leis sin nuair a bunaíodh an Coláiste Eorpach Póilíneachta le cinneadh ón gComhairle in 2005. Tar éis bhuamáil Mhaidrid i 2004, tá comhordaitheoir frithsceimhlitheoireachta ag an AE freisin. Le Clár Stócólm beartaítear go dtabharfar cosaint do shaoránaigh trí uirlisí Eorpacha a fhorbairt.
■ An Straitéis Slándála Inmheánaí
Ba cheart go mbeadh forbairt, monatóireacht agus cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí ar cheann de thosaíochtaí an Choiste um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Intíre (COSI) a bunaíodh faoi Chonradh Liospóin. Cuimseofar leis an straitéis seo chomh maith gnéithe slándála de bhainistiú comhtháite teorainneacha agus comhar breithiúnach oibríochtúil sa réimse seo.
Tá cur chuige comhtháite ag teastáil maidir le slándáil san Aontas. Mar sin, ní mór go mbeidh comhchultúr ag lucht gairme na slándála, go gcomhthiomsóidh siad faisnéis ar an mbealach is éifeachtaí is féidir agus go mbeidh an bonneagar teicneolaíoch ceart acu chun tacú leo.
Beidh an Straitéis Slándála Inmheánaí ar cheann de na tosaíochtaí.
Díreofar ar an radacú a chosc agus ar fhoinsí airgeadais sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus áiritheofar go mbeidh na teicnící frithsceimhlitheoireachta ag cloí go hiomlán le cearta an duine.
Leanfar leis na hiarrachtaí feabhas a chur ar chumas an Aontas ullmhú do thubaistí laistigh den Eoraip agus lasmuigh di araon agus chun dul i ngleic leis na tubaistí sin.
■ Uasghrádú a dhéanamh ar na huirlisí riachtanacha
Foráiltear i gClár Stócólm do riarachán Eorpach a bheidh freagrach as córais TF ar mhórscála a fhorbairt go teicniúil agus a bhainistiú i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais. Ag an am céanna a mbeidh an Córas Eorpach Faisnéise maidir le taifid choiriúla á chur chun feidhme, beartaítear clár de náisiúnaigh ó thríú tíortha a ciontaíodh i gcúirteanna na mBallstát a bhunú.
■ Beartais éifeachtacha
Maidir le forfheidhmiú an dlí, ní mór go mbeidh Europol mar lárionad don mhalartú faisnéise idir na Ballstáit agus go mbeidh sé mar sholáthraí seirbhíse, go háirithe agus na Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaitheacha á gcur ar bun. Féadfaidh Europol comhoibriú níos dlúithe le misin phóilíneachta an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta freisin.
Maidir le cosc, beartaítear réadlann coireachta a bhunú, bunaithe ar an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta. Beifear in ann cur leis an bhfaisnéis staidrimh ar an bhfeiniméan sa réadlann agus dea chleachtais a mhalartú.
■ Cosaint ar an gcoireacht thromchúiseach agus ar an gcoireacht eagraithe
Chun an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac, forbrófar reachtaíocht nua a thabharfaidh níos mó cosanta d'íospartaigh agus d'fhéadfaí post a chruthú do chomhordaitheoir Eorpach. Beartaítear reachtaíocht nua le Clár Stócólm maidir le mí-úsáid ghnéasach, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac. Déanfaidh an tAontas na rialacha a shoiléiriú maidir le dlínse agus leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an gcibearspás laistigh den Aontas, lena n-áirítear conas fianaise a fháil d'fhonn imscrúduithe trasteorann a chur chun cinn.
Déanfar forbairt ar mhalartú faisnéise idir aonaid um fhaisnéis airgeadais chun cur i gcoinne na coireachta eacnamaíche agus an éillithe. Faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Faisnéise, d'fhéadfadh an anailís a dhéantar eolas a chur ar fáil do bhunachar sonraí maidir le hidirbhearta a bhfuil amhras fúthu.
I gcás drugaí, beidh an straitéis maidir le laghdú comhuaineach soláthair agus éilimh bunaithe ar an gcomhar níos fearr a cheadaítear le Conradh Liospóin, ar an tsochaí sibhialta a shlógadh agus ar thaighde a mhéadú.
■ An Sceimhlitheoireacht
Díreofar ar an radacú a chosc agus ar fhoinsí airgeadais sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus áiritheofar go mbeidh na teicnící frithsceimhlitheoireachta ag cloí go hiomlán le cearta an duine. (féach Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh)
■ Bainistiú cuimsitheach agus éifeachtach san Aontas i gcás tubaistí:
Leantar leis na hiarrachtaí feabhas a chur ar chumas an Aontas ullmhú do thubaistí laistigh den Eoraip agus lasmuigh de araon agus chun dul i ngleic leis na tubaistí sin.
Le deich mbliana anuas, tháinig fás leanúnach ar an tionchar a bhíonn ag tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, amhail eachtraí sceimhlitheoireachta, ar shábháilteacht agus ar shlándáil saoránach laistigh agus lasmuigh den Aontas. Chuaigh an tAontas i ngleic leis na bagairtí sin le gníomhaíochtaí coiscthe, freagartha agus bainistithe níos fearr i ndáil le cosaint shibhialta, trína acmhainní ar fad a úsáid, lena n‑áirítear na hacmhainní míleata, i ndlúthchomhar le cabhair dhaonnúil agus cúnamh á thabhairt sna tríú tíortha. Tá freagracht na mBallstát maidir lena saoránaigh a chosaint agus le prionsabal na dlúthpháirtíochta, a dhaingnítear i gConradh Liospóin, mar bhonn do gach gníomhaíocht a dhéanann an tAontas i ndáil le bainistiú géarchéime, agus leantar leis na hiarrachtaí feabhas a chur ar chumas an Aontas ullmhú do thubaistí i ndáil le cosaint shibhialta, le cabhair daonnúil agus le comhar sibhialta míleata, laistigh den Eoraip agus lasmuigh di araon, agus chun dul i ngleic leis na tubaistí sin.